DEARADH BUAN NA hÉIREANN
Deartar Uaireadóirí Dunlaing i nGaillimh na hÉireann. Agus ár ndearthaí á bhforbairt, chuimhnigh muid ar 3 choincheap i gcónaí: forsholéiteacht, athléimneacht san iliomad timpeallachtaí, agus carachtar sofaisticiúlachta.
In éindí le gluaiseachtaí ardchaighdeáin, soláthraímid na huaireadóirí maorga seo. Ní úsáidtear ach na páirteanna déantúsaíochta agus na teicnící is airde leibhéil chun uaireadóirí Dunlaing a tháirgeadh
TIONCHAR CAIRBREACH
Is timpeallacht álainn é iarthar na hÉireann, ach tá sé crua. Is áit ar leith í Gaillimh, agus sliabhraonta agus tuath gan teorainn mórthimpeall uirthi. Tugann sí aghaidh ar aimsir fhiánta ón Atlantach, agus ní bhíonn ach na flora agus fauna is láidre faoi rath dá thairbhe sin. I nGaeilge, Gaillimh a thugtar uirthi, focal a chiallaíonn clochach, rud a oireann go maith agus cúinsí na haimsire seo á gcur san áireamh.
Tá Uaireadóirí Dunlaing faoi thionchar na dúiche. Ba é an bunspreagadh ná uaireadóir rosta a chruthú a d’fhéadfadh an fód a sheasamh in aghaidh aimsir iarthar na hÉireann.
LUACHANNA ÁR SINSEAR
Is ionann ár luachanna agus luachanna mhuintir Dunlaing: Misneach, Eagna, Dílseacht. Is iad seo na focail Ghaeilge ar Courage, Wisdom, Loyalty an Bhéarla. Is iad na luachanna seo croílár na heagraíochta agus cuirfidh siad ar ár gcumas a bheith mar chrann seasta sa chéad chéim eile de dhearadh agus de cheardaíocht chlasaiceach na huaireolaíochta.
Seasann ár suaitheantas d'Uaireolaíocht Dunlaing (Dunlaing Horology). Léiríonn sé an nasc idir ár luachanna agus an uaireadóireacht.